An fáth a bhfuil an Eoraip agus Meiriceá Laidineach ag brath ar a chéile

AN BHRUISÉIL - Sa domhain ilpholach seo ina bhfuilimid beo, domhain atá níos contúirtí inar deacra a thuar céard a tharlóidh, leanann an caidreamh trádála de bheith an-tábhachtach. Agus ní féidir an caidreamh sin a scaradh ón ngeopholaitíocht. Le fada an lá, bhí go leor Eorpach den tuairim go bhféadfaí an dá ní a scaradh óna chéile, ach le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, léiríodh na rioscaí a d'eascair as spleáchas an Aontais Eorpaigh ar ghás na Rúise agus chonacthas dúinn nach féidir dul i muinín an chur chuige sin níos mó.

Más mian leis an Aontas a bheith ina fhíorghníomhaí geopholaitiúil, ní leor é ár n-aontacht inmheánach a neartú. Ní mór dúinn ár gcompás straitéiseach a athrú, agus ár n-ionstraimí polaitiúla agus eacnamaíocha a úsáid ar bhealach níos comhleanúnaí, agus deiseanna, mar aon le rioscaí a shainaithint ar bhealach níos éifeachtaí. Sin é an fáth a raibh mé ag tathant ó thús mo théarma go gcaithfidh an Eoraip na naisc atá aici le tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a neartú.

Chun go mbeidh muid in ann an t-ollathrú riachtanach sin a dhéanamh, beidh orainn an t-idirphlé polaitiúil a neartú ar an leibhéal is airde. Ach chun a chinntiú go mbeidh ár n-iarrachtaí inchreidte, ní mór dúinn nuachóiriú na gcomhaontuithe comhlachais atá ann cheana le Meicsiceo agus an tSile a thabhairt chun críche, comhaontú iar-Cotonou, a bhfuil deireadh curtha leis an gcaibidlíocht ina leith, a shíniú le comhphobal na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, an comhaontú comhlachais le tíortha Mheiriceá Láir a dhaingniú, agus bailchríoch a chur ar an gcomhaontú idir an tAontas agus Mercosur.

Cé go bhfuil ról tábhachtach ag an trádáil sna comhaontuithe sin go léir, ní féidir breathnú ar aon cheann acu díreach mar shocrú trádála. Is é an comhaontú le Mercosur an ceann is casta de na comhaontuithe sin, agus muid i mbun caibidlíochta ina leith le breis agus fiche bliain. De réir an tango cháiliúil, ní tada é fiche bliain, ach sa chás seo, tá sé i bhfad rófhada.

Agus mé ar cuairt i Meiriceá Theas an mhí seo caite, chas mé le ceannairí ón Airgintín, ó Pharagua agus ó Uragua, a bhfuil uachtaránacht rothlach Mercosur aici faoi láthair. Ar na mallaibh, thréaslaigh mé le Luiz Inácio Lula da Silva, Uachtarán nuathofa na Brasaíle. Sna comhráite sin ar fad, bhí an comhaontú idir an tAontas agus Mercosur go mór chun tosaigh. Rinne mé mo dhícheall a chur ina luí ar na ceannairí sin go raibh an toil pholaitiúil fós beo beathach i ndáil leis an gcomhaontú comhthairbheach seo.

Caithfear a admháil go mbaintear barraíocht úsáide as an bhfocal ‘straitéiseach’. Ach, i gcás an chomhaontaithe idir an tAontas agus Mercosur, ní thiocfar ar fhocal níos oiriúnaí. Cé go gcuirfidh roinnt daoine ina choinne - agus é a rá acu go bhfuil coinbhleacht leasanna ann - tá cúiseanna fíorláidir ann chun bailchríoch a chur ar an gcomhaontú.

Ar an gcéad dul síos, tá i bhfad níos mó ná comhaontú trádála i gceist leis an gcomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Mercosur. Is ionstraim fhíorpholaitiúil í, lena gcinnteofaí, tríd an idirphlé agus an comhar a chur chun cinn, comhaontas straitéiseach idir dhá réigiún atá i measc na réigiúin is gaire dá chéile ar domhan ó thaobh leasanna agus luachanna de, agus an fhís chéanna againn faoin gcineál sochaí atá uainn.

Thairis sin, ar dhá thaobh an Atlantaigh, tá sé beartaithe againn araon ár neamhspleáchas straitéiseach a neartú agus ár n-athléimneacht eacnamaíoch a threisiú tríd an róspleáchas a laghdú. Mar sin féin, ní chiallaíonn neamhspleáchas gur gá bheith i d'aonar. Ba chirte a rá go gciallaíonn sé luachshlabhraí a éagsúlú, rud a éilíonn comhar le comhpháirtithe iontaofa eacnamaíocha agus polaitiúla.

Trí dhá cheann de na bloic thrádála is mó ar an domhan a thabhairt le chéile, a bhfuil daonra níos mó ná 700 milliún duine iontu, bheadh an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Mercosur ar an gcomhaontú trádála is mó dár thug an tAontas i gcrích riamh. Bheadh sé ar an gcéad chomhaontú cuimsitheach trádála ag Mercosur freisin, rud a neartódh comhtháthú an ghrúpa sin.

Le rialacha comhchoiteanna, d’osclófaí doirse idir ár margaí móra agus chruthófaí fíordheiseanna do ghnólachtaí ar an dá thaobh, rud a chuideodh le poist ardcháilíochta a chruthú san Eoraip agus i Meiriceá Laidineach. Ag aithint go bhfuil neamhshiméadracht eacnamaíoch eadrainn, sonraítear sa chomhaontú go bhféadfaí an trádáil a oscailt de réir a chéile, agus ar an gcaoi sin, go mbeadh go leor ama ag na hearnálacha ábhartha chun nua-chóiriú a dhéanamh agus a bheith níos iomaíche.

Teastaíonn ó thíortha Mercosur níos mó a onnmhairiú chun na hEorpa ach níl siad ag iarraidh ach oiread gur ag úscadh acmhainní a dtíortha a bheadh siad. Tá sé ar intinn acu a n-acmhainneacht táirgiúlacahta agus onnmhairithe a fhorbairt, agus breisluach a chur lena n-acmhainní nádúrtha tríd an nuálaíocht agus an teicneolaíocht, agus iad ag cloí le dianchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil ag an am céanna.

Is féidir an tríú hargóint a dhéanamh i bhfabhar an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Mercosur freisin. Is é sin an poitéinseal atá ann ó thaobh an gníomhú ar son na haeráide agus cosaint an chomhshaoil a chur ar aghaidh. Go deimhin, bhí an comhaontú polaitiúil ar thángthas air idir an tAontas agus Mercosur in 2019 ar an gcéad chomhaontú dá leithéid ina ndearnadh tagairt do chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.

Mar sin féin, táthar amhrasach san Eoraip faoin ngealltanas seo, go háirithe i bhfianaise ghéarú an dífhoraoisithe san Amasóin le blianta beaga anuas. Áitíonn daoine áirithe san Eoraip gurb í reachtaíocht inmheánach an Aontais an t-aon bhealach inchreidte chun cinn. Ach ní féidir linn sinn féin a scaradh amach ó gach tír eile agus an domhan a athrú ag an am céanna. Caithfidh tuilleadh idirphlé agus comhair idirnáisiúnta a bheith ag gabháil lenár gcreat rialála, a bheidh dírithe ar ghealltanais chomhroinnte a shoiléiriú agus luachshlabhraí níos inbhuanaithe a thógáil.

Chuir an tUachtarán nuathofa Lulu in iúl go soiléir gur mhaith leis daonlathas na Brasaíle a chosaint, créachtaí na sochaí a chneasú, cúis an cheartais shóisialta a chur ar aghaidh, borradh a chur faoin ngeilleagar agus, ag an am céanna, aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar dhífhoraoisiú san Amasóin. Thacódh an comhaontú leis an Aontas leis an iarracht sin trína chur ar ár gcumas eolas a chomhroinnt, caighdeáin a fheabhsú, cosaint an chomhshaoil a neartú, agus modhanna inbhuanaithe táirgthe a fhorbairt. Beidh ionstraim bhreise á cur chun cinn ag an taobh Eorpach ina sonrófar ár gcomhghealltanais maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil.

Ar deireadh, ní clabhsúr é an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Mercosur, ach tús nua. Leis an gcomhaontú, cuirtear tús le comhchonair agus cruthaítear an creat institiúideach is gá chun an comhar a éascú i raon leathan réimsí leasa choitinn, ó chosaint chearta an duine agus forbairt inbhuanaithe, go dtí rialáil an gheilleagair dhigitigh agus comhrac na coireachta eagraithe. Leis an gcomhaontú seo, neartófar an caidreamh atá againn, ní hamháin idir rialtais agus institiúidí, ach idir parlaiminteoirí, an tsochaí shibhialta, fiontraithe, mic léinn, ollscoileanna, eolaithe agus cruthaitheoirí.

Tá an t-am tagtha leis an oirbheartaíocht ghearrthéarmach a chaitheamh san aer. I ndomhan seo na bhfathach, seasann an tAontas Eorpach agus Mercosur do 10 % de dhaonra an domhain agus do 20 % de OTI an domhain. Mar sin, má tá an Eoraip agus Mercosur ag iarraidh tionchar a imirt, is riachtanas straitéiseach é an comhaontú trádála seo idir an tAontas Eorpach agus Mercosur. Is deis ar dóigh é uachtaránacht Mercosur a bheith ag an mBrasaíl agus uachtaránacht an Aontais Eorpaigh a bheith ag an Spáinn, sa dara leath de 2023, chun dlús a chur leis an móiminteam a theastaíonn ón gcaidreamh idir an tAontas agus Mercosur.